Ó 1922 i leith, tá an t-oileán roinnte idir Saorstát Éireann (1922-1937) nó Éire (1937-inniu) agus Tuaisceart Éireann. Tá na sé chontae i dTuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe, agus tá an chuid eile den tír ina Stát neamhspleách. Go minic freisin tugtar "na sé chontae" ar Thuaisceart Éireann, agus "na sé chontae is fiche" nó "an Phoblacht" ar an gcuid eile den tír..
Tá 6 mhilliún duine in Éirinn. Is de bhunadh Ceilteach an chuid is mó den daonra, a tháinig i dtír ó mhór-roinn na hEorpa thar na cianta. Bhí cuid mhaith inimirce, freisin, ó am go ham ó thíortha eile, go háirithe as Alba, agus ar bhonn níos lú, as Sasana. Is Caitlicigh formhór (os cionn 70%) an daonra. Is Protastúnaigh formhór na coda eile, beagán níos mó ná leath na ndaoine in Ulaidh, agus iad roinnte idir eaglaisí éagsúla, go háirithe Preispitéirigh agus Anglacaigh (a bhaineann le hEaglais na hÉireann. Féach ar an alt Creideamh in Éirinn le tuilleadh sonraí).
Tá cáil ar na Gaeil ó thús a gcuid staire sa cheol. Bhíodh ceoltóirí agus cumadóirí ceardúla go fairsing sa tír faoi na sean-ríthe agus flathamhna, go dtí gur chuir Cath Chionn tSáile deireadh leis an seanchóras Gaelach. As sin amach, leanadh den cheol, ach ba cheol tíre an chuid ba mhó de, le ceol rince agus oibre san áireamh.
Níos déanaí, tháinig foirm amhránaíochta gan tionlacan ar aghaidh, ar a dtugtar an seannós. Tá sé seo láidir fós, go háirithe i nGaeltachtaí Chonnacht. Tá traidisiúin ceol fidile láidir i gcuid mhór den tír, ach castar ceol traidisiúnta freisin ar an gcruit, ar an bhfeadóg stáin, agus ar an mbosca ceoil go forleathan. Bhíodh rincí traidisiúnta go rialta ag na crosbhóthair go dtí na 1950í, ach ina dhiaidh sin ba sna hallaí rince ba mhó a bhí ceol le haireachtáil go beo. Ar ndóigh chuir an disco tarraing i gcónra na mbannaí agus na hallaí ceoil, cé go leanann cuid acu go fóill.
Maraon leis an gceol, tá cáil ar na Gaeil leis an scríbhneoireacht. San fhichiú céad agus sa 21ú céad is i mBéarla atá an chuid is mó den scríbhneoireacht seo, ar aon dul leis an titim ar úsáid na Gaeilge thar an achar sin.
As I Roved Out
As I roved out on a bright May morning
To view the meadows and flowers gay
Whom should I spy but my own true lover
As she sat under yon willow tree
I took off my hat and I did salute her
I did salute her most courageously
When she turned around well the tears fell from her
Sayin' "False young man, you have deluded me
A diamond ring I owned I gave you
A diamond ring to wear on your right hand
But the vows you made, love, you went and broke them
And married the lassie that had the land"
"If I'd married the lassie that had the land, my love
It's that I'll rue till the day I die
When misfortune falls sure no man can shun it
I was blindfolded I'll ne'er deny"
Now at nights when I go to my bed of slumber
The thoughts of my true love run in my mind
When I turned around to embrace my darling
Instead of gold sure it's brass I find
And I wish the Queen would call home her army
From the West Indies, Amerikay and Spain
And every man to his wedded woman
In hopes that you and I will meet again.
Abonneren op:
Reacties posten (Atom)
Geen opmerkingen:
Een reactie posten